1 resultado para Défaillance hépatique aigüe

em CORA - Cork Open Research Archive - University College Cork - Ireland


Relevância:

10.00% 10.00%

Publicador:

Resumo:

Is éard atá curtha romham agam sa tráchtas seo ná an t-úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge a phlé; chun aitheantas a thabhairt don seánra mar rud ar leith; chun a fhréamhacha a aimsiú agus a thréithe sainiúla a léiriú. Féachaim anseo lena léiriú go bhfuil baint shainiúil ag an úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge le stair shochteangeolaíoch agus liteartha na hÉireann. Chruthaigh scríbhneoirí Béarla na hÉireann, ar nós Joyce, Beckett agus Flann O’Brien (Brian Ó Nualláin), cur chuige liteartha a raibh toradh ollmhór aige ar chúrsaí liteartha an domhain – go háirithe sa chomhthéacs (iar)-nua-aoiseach. Léireoidh mé gur tháinig an cur chuige seo chun cinn de bharr an choibhnis shainiúil atá ag muintir na hÉireann le teanga – coibhneas atá ginte i nguagacht faoin rud is teanga féin ann. Áitím gur eascair an ghuagacht seo as an athrú stádais – ó phríomhtheanga go mionteanga – a tharla don Ghaeilge. Áitím gur cruthaíodh feasacht ar fholús i bhféiniúlacht na tíre nuair a tharla an t-athrú sin agus go raibh tionchar ag an bhfeasacht seo ar litríocht na hÉireann – idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is minic a fhéachann an túrscéal iar-nua-aoiseach, i ngach teanga ina gcleachtar a leithéid, le staidéar a dhéanamh ar na slite ina gcruthaítear brí sa saol trí theanga agus trí reacaireacht. Murab ionann is a mbíonn i gceist san úrscéal ‘traidisiúnta’ – an t-úrscéal ‘réadach’ mar a tuigtear leis – glacann iar-nua-aoiseachas leis go bhfuil solúbthacht agus saorgacht i ngach léiriú ar an mbrí seo. Léiríonn na húrscéalta atá faoi chaibidil sa tráchtas seo an-doimhneacht liteartha. Is saothair fhéinchomhfhiosacha agus mheitificseanúla iad a thaispeánann éiginnteacht i leith brí absalóidigh. Oibríonn siad mar léiriú ar fheidhm na teanga sa saol agus ar na slite ina gcruthaíonn gach reacaireacht a fírinne féin. Cé gur tréithe iar-nua-aoiseacha iad siúd, is tréithe iad chomh maith a bhaineann le stádas na mionteanga.